ElderDog Canada

Bhí fonn orm alt a scríobh don bhlog seo le tamall beag anuas. Ach, ní raibh a fhios agam cad a scríobh faoi.  Ansin, ar maidin, fuair mé ríomhphost agus d’aimsigh mé é!  Ba mhaith liom scríobh faoi ElderDog Canada.  

Is carthanacht é ElderDog a chabhraíonnn le seandaoine a gcuid mhadraí a choinneáil abhaile.  Na laethanta seo, is cuid den teaghlach iad madraí.  Is cuideachta mhaith iad, agus cuireann siad go socair leis an sláinte.  Is féidir leo fola agus strus a laghdú; cuireann siad cuideachta agus siamsaíocht ar fáil.

Cabhraíonn oibrithe deonacha le seandaoine aire a thabhairt dá gcuid madraí; siúlaimid na madraí, tógaimid iad go dtí an tréidlia, agus cabhraímid leis cógas.  

Freisin, tacaíonn an eagraíocht le madraí níos sine a bhfuil deachrachtaí acu mar gheall ar tinneas, athlonnú nó bás a gcompánaigh.  Cuireann siad tithe altrama sealadacha ar fáil, agus, más gá, faigheann siad tithe nua do na madraí.  

Is oibrí deonach mé, agus is breá liom é.  Siúlaim dhá mhadra gach deireadh seachtaine mar ní féidir lena gcompánaigh. Is púdal é Baroque; is aoibhinn leis bualadh le daoine nua, agus tá sé an-chairdiúil.  Ní maith leis madraí eile, áfach.  Buíochas le Dia, tá sé éasca é a bhreabadh.  Tá a fhios aige go leor cleasanna, agus tá sé an-chliste.  

Ar Dé Domhnaigh, siúlaim madra eile.  Is chihuahua crosanta í Stella agus tá sí an-stuacach!  Tá sí cairdiúil le daoine, agus is FUATH léi madraí eile.  Tá sí an-iomaíoch leo, agus tá sé ciotach.  Go hádhúil, tá sí an-bheag agus is féidir liom í a chuir suas faoi mo lámh.  


Roimh COVID, bhí mé in ann páirt a ghlacadh in imeachtaí mar “Dog Wash” agus “Paws in the park”.  Ag an Nigh Madra, tógann daoine a madraí go dtí an spás bronnaithe, agus níonn oibrí deonach iad le haghaidh síntiús.  An-craic a bhí ann, agus táim ar bís an imeachtaí sin a thosú thar n-ais. Is siúlóid mhór é “Paws in the Park”, áit a dtagann daoine agus a gcuid madraí le chéile le húraitheoirí agus oibrithe deonacha don lá spraoi.  De ghnáth, díolann úraitheoirí rudaí agus bronnann siad airgead ar Elderdog.

Le haghaidh eolais mór… http://www.elderdog.ca

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s

%d bloggers like this: