Lúb ar Lár and other poems by Máire Dinny Wren. Original Irish versions followed by English translations by Máire Dinny Wren and Kathryn Daily |
Ar an Chladach Dhearóil
Is cuimhin liom a bheith ag snámh,
Is cuimhin liom a bheith ar an tanalacht,
Is cuimhin liom a bheith ar an doimhneacht,
Is cuimhin liom a bheith i mbéal cuain.
Ní cuimhin liom an t-uisce á thruailliú,
Ní cuimhin liom ag ithe micreachoirníní,
Ní cuimhin liom mo shláinte ag meath,
Ní cuimhin liom a bheith cloíte.
Is cuimhin liom a bheith ar ghrinneall na habhna,
Is cuimhin liom a bheith ag léimtí as an uisce,
Is cuimhin liom na hiascairí ar an bhruach,
Is cuimhin liom a bheith ag snámh in éadan an easa.
Ní cuimhin liom na lanntracha á scoitheadh,
Ní cuimhin liom cár chaill mé na heití,
Ní cuimhin liom ag fás cnámha saorga,
Ní cuimhin liom an claochlú.
View original post 1,697 more words